| |
|
|
|
|
|
 |
|
 |
|
|
|
|
|
|
| |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fitzpatrick
Associates agus an Ghaeilge/Forbairt Ghaeltachta |
|
|
|
Is é Fitzpatrick Associates an phríomhchuideachta shainchomhairle
neamhspleách eacnamaíochta de chuid na hÉireann.
Tá baint ag roinnt de na hábhair speisialtóireachta
a mbíonn an gnólacht ag gabháil dóibh le limistéir
Ghaeltachta. Ina measc sin tá forbairt réigiúnach
agus forbairt áitiúil, acmhainní nádúrtha
agus turasóireacht. Chomh maith le sin, bhí an gnólacht
páirteach i dtionscadail a bhain le hoidhreacht chultúrtha
agus forbairt tuaithe lasmuigh de limistéir Ghaeltachta - tionscadail
a raibh mar aidhm acu an Ghaeilge a fhorbairt mar theanga bheo. Tá
réimse leathan staidéar déanta ag an ngnólacht
maidir le ceisteanna a bhaineann le forbairt Ghaeltachta, go díreach
agus go neamhdhíreach.
|
|
|
|
|
|
I
measc na dtionscadal atá curtha i gcrích ag an ngnólacht,
tá
|
|
|
|
measúnuithe,
thar ceann Údarás na Gaeltachta, ar thionchar Thionscnaimh
an Chomhphobail
Eorpaigh (EUROFORM, EMPLOYMENT agus ADAPT) i limistéir Ghaeltachta;
plean gnó
a ullmhú dAerfort Dhún na nGall i gCarraig Fhinn;
ullmhaíodh an plean thar ceann Chuideachta Aerfort Dhún
na nGall;
measúnú,
thar ceann na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta,
ar Fho-Chlár na Gaeltachta den Chlár Oibríochta le
haghaidh Tionscail 1994-99;
plean forbartha
straitéisí a ullmhú don earnáil bia mara;
ullmhaíodh an plean thar ceann an Bhoird Iascaigh Mhara mar ionchur
don Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006;
maoirseacht agus
measúnú a dhéanamh ar Thionscnamh de chuid na Roinne
Turasóireachta, Spóirt agus Áineasa dar teideal "Turasóireacht
agus an Timpeallacht"; áiríodh san obair sin tionscadail
i nGaeltacht Chonamara, ar Oileáin Árann agus ar Oileán
Thoraí;
páirteachas
sa mheasúnú seachtrach leanúnach ar Chlár
LEADER II na hEorpa 1994-1999; áiríodh san obair sin LEADER
II a chur i bhfeidhm i limistéir Ghaeltachta;
obair i gcomhar
le gnólachtaí clos-amhairc agus bogearraí atá
bunaithe sa Ghaeltacht dfhonn a riachtanais a shainaithint agus
cláir oiliúna a fhorbairt chun freastal ar na riachtanais
sin (TRESP).
|
|
|
|
|
|
|
|
Back
to Top |
|
|
 |
 |
 |
 |
 |
 |
 |
 |
 |
 |
|
 |
 |
 |
 |
 |